Le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001, sainítear tairbhithe agus raon feidhme an chirt rochtana (Airteagal 2), cinntear na heisceachtaí is infheidhme maidir leis an gceart rochtana (Airteagal 4) agus léirítear conas iarratas a chur isteach (Airteagal 6). Leagtar síos ann freisin na rialacha maidir le próiseáil na n-iarratas ag na hinstitiúidí.
I gcomhréir le hAirteagal 15(3) CFAE, baineann Riail 122 de rialacha nós imeachta na Parlaiminte le rochtain phoiblí ar dhoiciméid na Parlaiminte.
Leis an gcinneadh ón mBiúró an 28 Samhain 2001, bunaítear na rialacha inmheánacha lena n-áirithítear go ndéanann Parlaimint na hEorpa Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur chun feidhme. Sainítear leis an Rialachán na freagrachtaí maidir leis an bhfaireachán ar thaifeadadh na ndoiciméad sa chlár poiblí agus maidir leis an bpróiseáil iarratas chun rochtain phoiblí a fháil ar dhoiciméid na hinstitiúide.
- Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa, Rialacha 122;
- Cinneadh ó Bhiúró Pharlaimint na hEorpa an 28 Samhain 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa;
- Cinneadh ó Bhiúró Pharlaimint na hEorpa an 8 Márta 2010 lena nglactar liosta de chatagóirí na ndoiciméad atá inrochtana go díreach tríd an gclár poiblí;
- Treoir maidir le hoibleagáidí oifigigh agus seirbhísigh Pharlaimint na hEorpa - cód dea-iompair