human rights in the eu    
 

Daonlathas agus cearta an duine 

Tá clú tuillte ag Parlaimint na hEorpa mar urraitheoir tiomanta do chearta bunúsacha na ndaoine agus don daonlathas.

Laistigh den aon institiúid dhírthofa san Aontas Eorpach, bíonn na Feisirí ag comhrac i gcoinne ionsaithe, idir shean agus nua, ar shaoirsí bunúsacha.

Cearta bunúsacha laistigh den Aontas a chosaint 

What is the procedure for submitting a petition to the European Parliament? Citizens are broadly aware of their right to submit a petition, however they often request further information about the procedure to send the petition and on the way the petitions are afterwards discussed in the EP Committee.

Cearta an duine lasmuigh de AE a chosaint 

Ní chreideann Parlaimint na hEorpa go dtagann cearta bunúsacha na ndaoine chun críche ag teorainneacha an Aontais.

Is minic a labhraíonn Feisirí amach – ina n-aonar agus d'aonghuth – faoi shaincheisteanna maidir le cearta an duine i dtíortha nach bhfuil san Aontas. Cionn is go meastar go bhfuil na cearta sin uilechoiteann, tugtar an fhreagairt chéanna cibé acu a dhéantar an sárú i Maenmar/Burma, timpeall ar 8 000 ciliméadar ar shiúl, nó a dhéantar é sa Bhealarúis, a bhfuil teorainn leis an Aontas aici.

Tá mórán cosantóirí iomráiteacha tagtha go dtí Parlaimint na hEorpa mar gheall ar an gcomhrac ar son chearta an duine.

Malala Yousafzai, an Pacastánach atá i mbun feachtais ar son oideachas do leanaí, mná Yazidi a bhí mar phríosúnaigh ag an Stát Ioslamach san Iaráic, dochtúir as Poblacht Dhaonlathach an Chongó, príosúnaigh pholaitiúla as Meiriceá Laidineach: tá deis chainte tugtha dóibh go léir ar stáitse Pharlaimint na hEorpa.

Ag tacú leis an daonlathas ar fud an domhain 

Tá sé mar ghné lárnach den iarracht sin an daonlathas a chothú, mar a léirítear go soiléir é i nDearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine: ‘ Is ar thoil na ndaoine a bhunófar údarás an rialtais.’

Déanann na Feisirí córais dhaonlathacha a chosaint ar fud an domhain. Tá taisteal déanta i bhfad ar shiúl ag roinnt acu chun breathnóireacht a dhéanamh ar thoghcháin, idirghabháil a dhéanamh i gcoinbhleachtaí agus chun tacú le parlaimintí nuabhunaithe.

Tá sé ceangailte i dtéacsanna bunaidh an Aontais é féin go ndéanfadh an tAontas ina iomláine prionsabail dhaonlathacha a chosaint agus é i mbun gnóthaí eachtracha. Ach i bParlaimint na hEorpa, tá an iarracht sin níos gaire don chroí: do na Feisirí, a bhfuil taithí acu ar thoghcháin agus ar fheachtais, is ceist phearsanta é an daonlathas.

sakharov banner    
 

Duais Sakharov

Léigh faoi bhuaiteoirí Dhuais Sakharov na Parlaiminte, ar duais í lena bhfuil aitheantas á thabhairt ó 1988 do shárchosantóirí chearta an duine.