Cumhachtaí agus nósanna imeachta 

Tá réimse leathan cumhachtaí bronnta ag na conarthaí Eorpacha ar an bParlaimint mar an t-aon chomhlacht den Aontas a thoghtar go díreach. Foghlaim tuilleadh sna míreanna seo a leanas agus faigh amach faoin gcaoi a bhfeidhmíonn na nósanna imeachta.

Cumhachtaí reachtacha 

I dteannta na n-ionadaithe ó rialtais AE sa Chomhairle, tá sé de chúram ar an bParlaimint reachtaíocht AE a ghlacadh. Faoin ngnáthnós imeachta reachtach, feidhmíonn an dá institiúid mar chomhreachtóirí comhionanna. I roinnt cásanna speisialta, bíonn feidhm ag nósanna imeachta eile.

Cumhachtaí buiséadacha 

Caithfidh an Pharlaimint agus an Chomhairle comhaontú maidir le buiséad bliantúil an Aontais. Faigh amach faoin nós imeachta.

Cumhachtaí maoirseoireachta 

Déanann na Feisirí maoirseacht ar obair institiúidí AE, go háirithe obair an Choimisiúin Eorpaigh, arb é brainse feidhmeannais an Aontais Eorpaigh é.

Parlaimintí náisiúnta 

Foghlaim faoin gcaoi a n-oibríonn Parlaimint na hEorpa i gcomhar le parlaimintí náisiúnta maidir le gnóthaí Eorpacha.

Conradh Liospóin 

Is é Conradh Liospóin an t-athbhreithniú is déanaí ar na conarthaí Eorpacha lenar bronnadh níos mó cumhachtaí ar Pharlaimint na hEorpa. Faigh amach na mionsonraí.