Éisteachtaí

Ceadaítear do choiste cruinniú le saineolaithe a eagrú sa chás ina meastar é sin a bheith sár-riachtanach dá chuid oibre maidir le hábhar ar leith. Is féidir le dhá choiste nó níos mó éisteachtaí a thionól go comhpháirteach lena chéile. Eagraíonn formhór na gcoistí éisteachtaí go tráthrialta ionas go bhféadfaidh siad tuairimí a fháil ó shaineolaithe agus go bhféadfaidh siad pléití a bheith acu ar phríomh-shaincheisteanna. Ar an leathanach seo, gheobhaidh tú an fhaisnéis go léir a bhaineann le héisteachtaí coiste, lena n-áirítear cláir agus aithisc ó chainteoirí.