skip to content

Cookie policy on the European Parliament Liaison Office in Ireland website

We use cookies to give the best experience on our site. Continue without changing your settings, and you'll receive cookies, or change your cookie settings at any time.

Continue
 
 
 
04-04-2019

Tráth na gCeist agus díospóireacht faoi na toghcháin Eorpacha, 4/4/2019

Beidh Tráth na gCeist agus díospóireacht faoi na toghcháin Eorpacha ar siúil i gClub Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, BÁC ag 8 i.n. Déardaoin an 4 Aibreán. Níl aon táille i gceist, ach ní mór d'áit a chur in áirithe.    

Tá an t-am chun gnímh ag breith orainn go tapa: reáchtálfar na toghcháin Eorpacha an 24 Bealtaine 2019!

Mar shaoránaigh na hEorpa, is cuma cén áit a bhfuil cónaí orainn, conas a bhainimid slí bheatha amach nó conas a chaithimid ár gcuid ama, tá tionchar ag an Aontas Eorpach ar ár saol laethúil.

Déanann Parlaimint na hEorpa cinntí móra: conas borradh a chur faoin ngeilleagar, conas srian a chur le húsáid fuinnimh, conas a chinntiú go mbeidh an bia a ithimid sábháilte. Nuair a vótálann tú, cinneann tú cé a dhéanfaidh na cinntí sin. Muna gcaithfidh tú vóta, ní bheidh cead cainte agat.

Agus sinn ag tarraingt ar na toghcháin an 24 Bealtaine, reáchtálfar Tráth na gCeist maidir leis an Aontas Eorpach. Is cuma más duine mór AE thú nó muna bhfuil tú ró-iontach ag polaitíocht na hEorpa, geallaimid go mbainfidh tú an-chraic as an oíche!

Chomh maith le Tráth na gCeist, déanfar plé ar thábhacht na dtoghchán agus conas a bheith rannpháirteach san fheachtas An Uair Seo Beidh Mé Ag Vótáil, ar líne nó i do phobal áitiúil.

Mar sin, bígí linn ag 20.00 an 4 Aibreán i gClub Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath
  
Táimid ag tnúth go mór le sibh a fheiceáil ann!
 

Cláraigh anseo!