Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
9ú téarma parlaiminteach - Samhain 2023
EPUB 159kPDF 726k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL V : CAIDREAMH LE hINSTITIUIDÍ AGUS LE COMHLACHTAÍ EILE
CAIBIDIL 2 : RÁITIS

Riail 132 : Ráitis ón gCoimisiún, ón gComhairle agus ón gComhairle Eorpach

1.   Féadfaidh Comhaltaí den Choimisiún, den Chomhairle agus den Chomhairle Eorpach cead a iarraidh ar Uachtarán na Parlaiminte aon tráth ráiteas a dhéanamh. Déanfaidh Uachtarán na Comhairle Eorpaí ráiteas tar éis gach ceann dá cuid cruinnithe. Cinnfidh Uachtarán na Parlaiminte an tráth a bhféadfar an ráiteas a dhéanamh agus déanfaidh an tUachtarán cinneadh i dtaobh an mbeidh díospóireacht iomlán ann ina dhiaidh nó an mbeidh tréimhse de cheisteanna gearra agus achoimre ó na Feisirí ann, ar tréimhse í a mhairfidh 30 nóiméad.

2.   Nuair atá ráiteas maille le díospóireacht á chur ar a clár oibre ag an bParlaimint, déanfaidh sí cinneadh i dtaobh an dtabharfar, nó nach dtabharfar an díospóireacht chun deiridh le rún. Ní dhéanfaidh sí amhlaidh má tá tuarascáil ar an ábhar céanna sceidealta lena tógáil sa pháirtseisiún céanna nó sa pháirtseisiún ina dhiaidh sin, mura rud é go molann an tUachtarán a mhalairt ar chúiseanna eisceachtúla. Má chinneann an Pharlaimint an díospóireacht a thabhairt chun deiridh le rún, féadfaidh coiste, grúpa polaitiúil nó Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad tairiscint i gcomhair rúin a chur síos.

3.   Déanfar vótáil ar thairiscintí i gcomhair rúin ag an tráth vótála is luaithe is féidir. Déanfaidh an tUachtarán cinneadh maidir le haon eisceachtaí. Beidh mínithe ar an vótáil inghlactha.

4.   Glacfaidh comhthairiscint i gcomhair rúin ionad na dtairiscintí i gcomhair rún arna gcur síos roimhe sin ag a sínitheoirí, ach ní ghlacfaidh sí ionad na dtairiscintí sin arna gcur síos ag coistí eile, ag grúpaí polaitiúla eile nó ag Feisirí eile.

5.   Má chuireann grúpaí polaitiúla a bhfuil tromlach glan acu comhthairiscint i gcomhair rúin síos, féadfaidh an tUachtarán an rún sin a chur chun vóta ar dtús.

6.   Tar éis rún a ghlacadh, ní fhéadfar vótáil a dhéanamh ar aon tairiscintí eile mura rud é go gcinneann an tUachtarán a mhalairt in imthosca eisceachtúla.

7.   Beidh údar nó údair tairisceana i gcomhair rúin a chuirtear síos faoi mhír 2 nó faoi Riail 144(2) i dteideal an tairiscint a tharraingt siar sula ndéanfar an vótáil chríochnaitheach.

8.   Féadfaidh grúpa, coiste nó an líon céanna Feisirí atá i dteideal tairiscint i gcomhair rúin a chur síos tairiscint i gcomhair rún a tarraingíodh siar a ghlacadh ar láimh agus a chur síos arís láithreach. Beidh feidhm ag an mír seo agus ag mír 7 freisin maidir leis na rúin arna gcur síos faoi Rialacha 111 agus 112.

An nuashonrú is déanaí: 27 Deireadh Fómhair 2023Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais