Timpeall an Domhain

Timpeall an Domhain

Ó 'Mháithreacha na nDaoine a d'imigh gan tásc ná tuairisc' san Airgintín go cosantóir chearta na mionlach sa tSín, tá Duais Sakharov bronnta ar os cionn 40 duine aonair agus eagraíocht ó bhreis is 30 tír ar fud an domhain. Ó 1998, léiríonn an duais tiomantas Pharlaimint na hEorpa chun cearta an duine ar fud an domhain a chosaint agus go gcreideann an tAontas in uilíocht na gceart sin.

Cliceáil ar thír chun buaiteoirí ón tír sin nó atá lonnaithe sa tír sin a fheiceáil. Ar an drochuair, ní féidir le roinnt buaiteoirí cónaí nó filleadh ar a dtíortha féin. Anuas ar sin níl a fhios cá bhfuil buaiteoirí eile nó ní féidir a bheith cinnte faoin áit a bhfuil siad. Foghlaim tuilleadh faoi scéalta gach buaiteora trí chliceáil ar ainm an duine sin.