Forbairtí suas go dtí an Ionstraim Eorpach Aonair

Bileoga Eolais AE 29-01-2024

Baineann príomhfhorbairtí na gConarthaí luatha le cruthú acmhainní dílse an Chomhphobail, cumhachtaí buiséadacha na Parlaiminte a threisiú, Feisirí de Pharlaimint na hEorpa a thoghadh trí vótáil chomhchoiteann dhíreach agus an Córas Eorpach Airgeadaíochta (CEA) a bhunú. Tacaíodh le coincheap an lánpháirtithe nuair a tháinig feidhm leis an Ionstraim Eorpach Aonair in 1986, ar ionstraim í a d’athraigh Conradh na Róimhe go mór, trí mhargadh inmheánach mór a chruthú.