An chéad cholún de CBT: I — Comheagrú na margaí (CEM) i dtáirgí talmhaíochta

Bileoga Eolais AE 01-04-2018

Is é CEM an creat do na bearta margaidh dá bhforáiltear faoi CBT. Tar éis sraith athchóirithe a bheith ann, rinneadh 21 CEM ar leithligh a chódú in 2007 ina CEM aonair, agus na táirgí talmhaíochta go léir á gcumhdach aige. Ag an am céanna, leis na hathchóirithe a rinneadh ar CBT, rinneadh an beartas níos margadh-dhírithe de réir a chéile agus laghdaíodh ról na n-uirlisí idirghabhála; breathnaítear ar na huirlisí sin anois mar “bhearta sábháilteachta” nach mbeidh le húsáid ach amháin i gcás géarchéime.