Na Gréasáin Thras-Eorpacha a mhaoiniú

Bileoga Eolais AE 09-01-2024

Tá na Gréasáin Thras-Eorpacha (TENanna) á maoiniú go comhpháirteach ag an Aontas Eorpach agus ag na Ballstáit. Spreagadh is ea an tacaíocht airgeadais a thugann an tAontas, ach soláthraíonn na Ballstáit an sciar is mó den mhaoiniú. Is féidir maoiniú na TENanna a chomhlánú le maoiniú faoi Chiste Struchtúrach, le cúnamh ón mBanc Eorpach Infheistíochta nó le ranníocaíochtaí ón earnáil phríobháideach. Tugadh athchóiriú ollmhór isteach i leith na TENanna ar fad tráth a bunaíodh an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa in 2013, agus athnuadh é in 2013.