Cearta an Duine

Bileoga Eolais AE 05-12-2023

Tá an tAontas Eorpach tiomanta do thacaíocht a thabhairt don daonlathas agus do chearta an duine ina chaidreamh seachtrach, i gcomhréir le prionsabail na saoirse, an daonlathais agus na hurraime do chearta an duine, na saoirsí bunúsacha agus an smachta reachta, arb orthusan a fothaíodh an tAontas. Féachann an tAontas le hábhair imní maidir le cearta an duine a phríomhshruthú i ngach ceann dá bheartais agus dá chláir, agus tá ionstraimí éagsúla beartais um chearta an duine aige i gcomhair gníomhaíochtaí sonracha — lena n-áirítear tionscadail shonracha a mhaoiniú trína chuid ionstraimí maoinithe.