Maoin intleachtúil, tionsclaíochta agus tráchtála

Bileoga Eolais AE 01-02-2024

Áirítear le maoin intleachtúil gach ceart eisiach ar shaothair intleachtúla. Cuimsítear léi dhá chineál ceart: an mhaoin thionsclaíoch, lena n-áirítear aireagáin (paitinní), trádmharcanna, dearthaí agus samhlacha tionsclaíocha agus sonrúcháin tionscnaimh, agus cóipcheart, lena n-áirítear maoin ealaíne agus liteartha. Ó tháinig an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) i bhfeidhm in 2009, tá inniúlacht fhollasach ag AE i leith cearta maoine intleachtúla (Airteagal 118).