Ceart na n-oibrithe chun faisnéise, comhairliúcháin agus rannpháirtíochta

Bileoga Eolais AE 09-01-2024

Trí íoscheanglais a ghlacadh trí bhíthin treoracha nó trí bhearta atá ceaptha chun comhar idir na Ballstáit a spreagadh, comhlánaíonn an tAontas Eorpach gníomhaíochtaí na mBallstát maidir le ceart na n-oibrithe chun faisnéise agus comhairliúcháin. Cosnaíonn roinnt treoracha ón AE cearta oibrithe ar fhaisnéis agus ar chomhairliúchán ar leibhéal na gcuideachtaí trí rialacha a bhunú don leibhéal náisiúnta agus trasnáisiúnta araon.