Éifeachtúlacht fuinnimh

Bileoga Eolais AE 16-01-2024

Is tosaíocht straitéiseach don Aontas Fuinnimh í an éifeachtúlacht fuinnimh, atá bunaithe ar bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh. Meastar bearta éifeachtúlachta fuinnimh a bheith ina mbealach, chun soláthar fuinnimh inbhuanaithe a bhaint amach, astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, feabhas a chur ar shlándáil an tsoláthair, billí allmhairithe a laghdú agus iomaíochas AE a chur chun cinn. Tá forbairt shuntasach tagtha ar reachtaíocht AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh le 15 bliana anuas. In 2023, mhéadaigh na comhreachtóirí an sprioc éifeachtúlachta fuinnimh, i.e. an sprioc chun tomhaltas deiridh fuinnimh AE a laghdú, go 11.7% faoi 2030.