Clár Oibre Digiteach don Eoraip

Bileoga Eolais AE 01-02-2024

Bíonn tionchar mór ag ardáin seirbhíse digití agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn amhail an intleacht shaorga (IS) ar thimpeallacht ár sochaí. Mar gheall ar na nuálaíochtaí sin, tá athshainiú á dhéanamh ar an gcaoi a ndéanaimid cumarsáid, siopadóireacht agus a bhfaighimid rochtain ar fhaisnéis ar líne, rud a fhágann go bhfuil siad riachtanach ó lá go lá. Leis an gclár oibre digiteach Eorpach do 2020-2030, tugtar aghaidh ar na hathruithe sin. Tugtar tús áite ann do spásanna digiteacha slána a bhunú, iomaíocht chóir a áirithiú sna margaí digiteacha agus ceannasacht dhigiteach na hEorpa a fheabhsú, agus é mar aidhm leis ag an am céanna aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050.