An beartas maidir le seirbhísí airgeadais

Bileoga Eolais AE 11-12-2023

Is cuid bhunriachtanach iad seirbhísí airgeadais d’iarrachtaí AE ar an margadh inmheánach a chomhlánú, faoi shaorghluaiseacht seirbhísí agus caipitil. Is i gcéimeanna a rinneadh dul chun cinn: (1) deireadh a chur le bacainní iontrála náisiúnta (1957-1973); (2) comhchuibhiú na ndlíthe agus na mbeartas náisiúnta (1973-1983); (3) comhlánú an mhargaidh inmheánaigh (1983-1992); (4) cruthú an limistéir airgeadra aonair (1993-2007); agus (5) an ghéarchéim dhomhanda airgeadais agus athchóiriú i ndiaidh na géarchéime (ó 2007 i leith).