Parlaimint na hEorpa: an caidreamh leis na parlaimintí náisiúnta

Bileoga Eolais AE 22-01-2024

Mar thoradh ar ghluaiseachtaí i dtreo lánpháirtiú Eorpach níos dlúithe, tá athrú tagtha ar ról na bparlaimintí náisiúnta. Tugadh isteach roinnt ionstraimí le haghaidh comhar idir Parlaimint na hEorpa agus na parlaimintí náisiúnta d’fhonn grinnscrúdú daonlathach éifeachtach ar an reachtaíocht Eorpach a ráthú ar gach leibhéal. Treisíodh leis an treocht sin le forálacha a tugadh isteach le Conradh Liospóin.