An Coimisiún Eorpach

Bileoga Eolais AE 22-01-2024

Is é an Coimisiún an institiúid AE a bhfuil monaplacht aige ar reachtaíocht a thionscnamh agus ar chumhachtaí tábhachtacha feidhmiúcháin i mbeartais amhail iomaíocht agus trádáil sheachtrach. Is é príomhchomhlacht feidhmiúcháin an Aontais Eorpaigh é agus is í an fhoirm atá aige ná Coláiste comhaltaí atá comhdhéanta de Choimisinéir amháin in aghaidh an Bhallstáit. Déanann an Coimisiún maoirseacht ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais sna Ballstáit agus féachann sé chuige go bhfuil na Conarthaí á n-urramú acu; déanann sé cathaoirleacht chomh maith ar na coistí atá freagrach as cur chun feidhme dhlí AE. Tá ionstraimí dlíthiúla nua tagtha in ionad an chórais coisteolaíochta mar a bhí, is iad sin gníomhartha cur chun feidhme agus gníomhartha tarmligthe.