Íocaíochtaí díreacha

Bileoga Eolais AE 09-01-2024

Cuireann an tAontas Eorpach tacaíocht ioncaim nó ‘íocaíochtaí díreacha’ ar fáil d’fheirmeoirí chun feidhmiú mar líontán sábhála agus chun go mbeidh an fheirmeoireacht níos brabúsaí, chun slándáil bia a ráthú san Eoraip, chun cabhrú leo bia atá sábháilte, sláintiúil agus inacmhainne a tháirgeadh agus chun luach saothair a thabhairt d’fheirmeoirí as earraí poiblí a sheachadadh nach n-íocann margaí astu de ghnáth. Déanann an Coimisiún agus na Ballstáit iad a bhainistiú i gcomhpháirt le chéile trí roinnt scéimeanna.