An comhbheartas iascaigh: bunús agus forbairt

Bileoga Eolais AE 21-04-2023

Ceapadh Comhbheartas Iascaigh (CBI) ar dtús i gConradh na Róimhe. Bhí an comhbheartas iascaigh nasctha leis an gcomhbheartas talmhaíochta i dtús báire, ach le himeacht ama tugadh níos mó neamhspleáchais dó. Is é príomhsprioc CBI, mar a athbhreithníodh é in 2002, iascach inbhuanaithe a áirithiú chomh maith le hioncam agus poist sheasmhacha a ráthú d’iascairí. Tugadh isteach roinnt mhaith athruithe ar CBI le Conradh Liospóin. In 2013, tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú maidir le CBI nua, le haghaidh inbhuanaitheacht fhadtéarmach chomhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta na ngníomhaíochtaí iascaireachta agus dobharshaothraithe.