Cúnamh struchtúrtha iascaigh

Bileoga Eolais AE 21-04-2023

Cé gur maoiníodh an beartas Eorpach iascaigh ar dtús leis an Ionstraim Airgeadais um Threoraíocht Iascaigh (IATI), maoiníodh leis an gCiste Eorpach Iascaigh (CEI) é don tréimhse 2007-2013, agus maoinítear leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI) faoi láthair é, a bhfuil luach EUR 6.4 billiún air don tréimhse 2014-2020. Le CEMI, tugtar tacaíocht d’iascairí atá ag aistriú go dtí an iascaireacht inbhuanaithe, tugtar tacaíocht do phobail cois cósta a ngeilleagair a éagsúlú agus maoinítear tionscadail chun poist nua a chruthú agus chun an caighdeán saoil feadh chósta na hEorpa a fheabhsú.