Gréasáin Thras-Eorpacha – treoirlínte

Bileoga Eolais AE 22-01-2024

Forbraítear na gréasáin thras-Eorpacha (GTEnna) san iompar, san fhuinneamh agus sa teileachumarsáid chun réigiúin an Aontais a nascadh le chéile agus chun cur le fás an mhargaidh inmheánaigh agus na fostaíochta. Neartaíonn siad comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach. Tá athrú tagtha ar an ngréasán tras-Eorpach iompair (TEN-T) le himeacht ama, lena n-áirítear athchóiriú bunúsach in 2013 agus athbhreithniú mór a moladh in 2021. Cuireadh treoirlínte an bhonneagair fuinnimh (GTE-F) in oiriúint don Chomhaontú Glas don Eoraip in 2022.