Oideachas agus Gairmoiliúint

Bileoga Eolais AE 08-06-2023

I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, is faoi na Ballstáit atá sé beartais oideachais agus oiliúna a chinneadh, leis an Aontas Eorpach ag feidhmiú i ról tacaíochta amháin. Mar sin féin, beidh roinnt dúshlán coiteann roimh na Ballstáit ar fad amach anseo – go háirithe sochaithe atá ag dul in aois, easpa lucht saothair oilte, iomaíocht dhomhanda agus oideachas na luath-óige – agus dá bhrí sin tá gá le comhfhreagairtí agus comhoibriú agus comhfhoghlaim idir tíortha[1].