Beartas cumarsáide

Bileoga Eolais AE 16-11-2023

Tá bunús dlí leis an ngá atá le cumarsáid éifeachtach i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an Chairt), faoina ráthaítear an ceart atá ag gach saoránach go gcuirfí ar an eolas iad faoi shaincheisteanna AE. Tá forbairt déanta ag institiúidí AE ar roinnt uirlisí agus seirbhísí chun fanacht i dteagmháil leis an bpobal agus é a chur ar an eolas. Ó seoladh é go foirmiúil in 2012, leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh lamháladh do na saoránaigh a bheith níos rannpháirtí go díreach i reachtaíocht nua agus i saincheisteanna AE.