Comhpháirtithe an Deiscirt

Bileoga Eolais AE 14-12-2023

Cumhdaíonn Beartas Comharsanachta na hEorpa (BCE) an Ailgéir, an Éigipt, Iosrael, an Iordáin, an Liobáin, an Libia, Maracó, an Phalaistín, an tSiria agus an Túinéis. Tá sé comhdhéanta de bheartais dhéthaobhacha idir AE agus na 10 dtír chomhpháirtíochta aonair, chomh maith le creat comhair réigiúnaigh, an tAontas don Réigiún Meánmhuirí. Thug AE tacaíocht sa bhreis ar mhaithe le hathrú daonlathais faoi BCE in 2011, mar fhreagairt ar éirí amach ina chomharsanacht sa deisceart. Rinne sé BCE a athbhreithniú tuilleadh in 2015.