An Afraic

Bileoga Eolais AE 08-12-2023

Tá Comhar an Aontais Eorpaigh le tíortha na hAfraice agus leis an Aontas Afracach (AA) bunaithe ar dhá chreat ar leith: eadhon (a) na Comhaontuithe Comhpháirtíochta le stáit san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) agus (b) straitéis chomhpháirteach an Aontais Eorpaigh agus na hAfraice. Maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta, a síníodh in Cotonou (Beinin) in 2000 idir an tAontas agus Stáit ACC agus lenar bunaíodh bunús dlí na ngnéithe polaitiúla, eacnamaíocha agus forbartha den chomhpháirtíocht le breis agus 20 bliain anuas, tá comhaontú iomlán nua á chur ina ionad, ar comhaontú é a síníodh i Samó an 15 Samhain 2023. Ar dtús, bhí Comhaontú Cotonou le dul in éag ag deireadh 2020 ach le déanaí, cuireadh síneadh leis go dtí mí na Nollag 2023, toisc gur blocáladh síniú comhaontaithe nua a caibidlíodh chun an chomhpháirtíocht a nuachóiriú agus a uasghrádú i gComhairle an Aontais Eorpaigh ar feadh roinnt blianta. Cuireadh straitéis Chomhpháirteach AE-an Afraic chun feidhme trí threochláir ilbhliantúla agus trí phleananna gníomhaíochta a glacadh ag gach cruinniú mullaigh idir an Afraic agus an tAontas Eorpach. Ag an gcruinniú mullaigh deireanach idir an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach a tionóladh i mí Feabhra 2022 sa Bhruiséil, tháinig ceannairí an Aontais agus na hAfraice ar chomhaontú maidir le fís chomhpháirteach i gcomhair comhpháirtíocht athnuaite bunaithe ar dhlúthpháirtíocht, slándáil, síocháin, forbairt inbhuanaithe agus rathúnas comhroinnte. Is é AE an deontóir cabhrach forbartha is mó don Afraic, a sholáthraítear tríd an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (ICFCI) – An Eoraip Dhomhanda.Ina haitheasc ar Staid an Aontais i mí Mheán Fómhair 2023, d’fhógair Uachtarán an Choimisiúin von der Leyen gur cheart don Aontas ‘comhpháirtíocht atá tairbheach go frithpháirteach a fhorbairt lena ndíreofar ar shaincheisteanna coiteanna don Eoraip agus don Afraic’ agus obair a dhéanamh ar chur chuige straitéiseach nua leis an Afraic.