An Áise Thoir

Bileoga Eolais AE 01-01-2018

Tá athrú tapa ag teacht ar an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, agus mar áit chónaithe do níos mó ná 50 % de dhaonra an domhain, tá sé ag iompú ina phríomhréigiún geostraitéiseach. Téann dhá thrian de thrádáil coimeádán an domhain tríd an Ind-Chiúin-Aigéanach agus is iad a lánaí farraige na príomhbhealaí le haghaidh soláthairtí trádála agus fuinnimh. Glacadh Straitéis an AE um chomhar san Ind-Chiúin-Aigéanach i mí Mheán Fómhair 2021 chun rannpháirtíocht an AE a mhéadú, chun comhpháirtíochtaí a thógáil agus chun an t-ord idirnáisiúnta riailbhunaithe a atreisiú agus chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda. Tá na hionstraimí atá aige faoi láthair á n-oiriúnú ag an Aontas chun tacú le neamhspleáchas straitéiseachan Aontais. Leis an gCompás Straitéiseach don tSlándáil agus don Chosaint, arna fhormheas go foirmiúil ag an gComhairle i mí an Mhárta 2022, cuirtear chun cinn ailtireacht slándála réigiúnach atá oscailte agus bunaithe ar rialacha, lena n-áirítear bealaí muirí slána, fothú acmhainneachta agus láithreacht fheabhsaithe chabhlaigh sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach. Tá ábhar imní slándála ann don Áise Thoir, amhail an bhagairt núicléach sa Chóiré Thuaidh, díospóidí muirí i Muir na Síne Thoir agus Theas, agus saincheist na Téaváine. Is gníomhaí láidir eacnamaíoch é an tAontas san Áise Theas agus tá sé ag obair chun trádáil chóir, iltaobhachas, forbairt institiúidí, daonlathas, dea-rialachas agus cearta an duine a chothú.