An margadh inmheánach fuinnimh

Bileoga Eolais AE 09-01-2024

Chun margadh inmheánach fuinnimh an Aontais a chomhchuibhiú agus a léirscaoileadh, tá bearta glactha ag an Aontas Eorpach chun margadh AE atá iomaíoch, dírithe ar an gcustaiméir, solúbtha agus neamh-idirdhealaitheach a thógáil le praghsanna soláthair margadhbhunaithe. Tugann na bearta sin aghaidh ar shaincheisteanna a bhaineann le rochtain ar an margadh, trédhearcacht agus rialáil, cosaint tomhaltóirí, idirnaisc agus slándáil an tsoláthair. Neartaíonn siad cearta na gcustaiméirí aonair, na bpobal fuinnimh agus na dtomhaltóirí leochaileacha, soiléiríonn siad róil agus freagrachtaí na rannpháirtithe sa mhargadh agus na rialtóirí agus cuireann siad forbairt gréasán tras-Eorpach fuinnimh chun cinn. Ó ionradh na Rúise ar an Úcráin agus ón ngéarchéim fuinnimh a d’eascair aisti, tá athruithe móra struchtúracha ag teacht ar struchtúr mhargadh fuinnimh an Aontais.