Comhionannas idir fir agus mná

Bileoga Eolais AE 02-02-2024

Tá comhionannas idir mná agus fir ar cheann de chuspóirí an Aontais Eorpaigh. De réir a chéile, cuireadh taca leis an bprionsabal sin, agus lena chur chun feidhme san Aontas, a bhuíochas sin le reachtaíocht, cásdlí agus athruithe ar na Conarthaí. Bhí Parlaimint na hEorpa riamh ina cosantóir díograiseach de chuid phrionsabal an chomhionannais idir fir agus mná.