Fuinneamh núicléach

Bileoga Eolais AE 09-01-2024

Is rogha mhalartach ísealcharbóin ar bhreoslaí iontaise atá san fhuinneamh núicléach agus is ionann é sin agus beagnach 26 % den leictreachas a dhéantar a tháirgeadh in AE. Mar sin féin, tar éis thubaiste Shearnóbail 1986 agus tubaiste 2011 in Fukushima, tá fuinneamh núicléach tar éis éirí an-chonspóideach. Cé gurb iad na Ballstáit a roghnaíonn an mbeidh cumhacht núicléach mar chuid dá meascán fuinnimh, tá sé mar aidhm ag reachtaíocht an Aontais feabhas a chur ar chaighdeáin sábháilteachta na stáisiún cumhachta núicléiche agus a áirithiú go ndéantar dramhaíl núicléach a láimhseáil agus a dhiúscairt go sábháilte.