An t-athrú aeráide a chomhrac

Bileoga Eolais AE 14-12-2023

Tá an tAontas Eorpach ar na mórgheilleagair atá i dtús áite i leith dul i ngleic le hastaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT). In 2020, tháinig laghdú 31 % ar astaíochtaí GCT an Aontais Eorpaigh ó leibhéil 1990, a leibhéal is ísle le 30 bliain anuas, rud a théann níos faide ná sprioc an Aontais faoi Phrótacal Kyoto maidir le hastaíochtaí a laghdú 20 % faoi 2020. In 2019, thíolaic an Coimisiún an Comhaontú Glas don Eoraip, agus anois tá sraith beart á mholadh aige, a bhfuil sé mar aidhm leis uaillmhian an Aontais do 2030 a mhéadú go 55 % i ndáil le laghdú astaíochtaí GCT agus geilleagar AE a dhícharbónú roimh 2050, i gcomhréir le Comhaontú Pháras.