Beartas airgeadaíochta na hEorpa

Bileoga Eolais AE 05-12-2023

Tá an Córas Eorpach Banc Ceannais (CEBC) comhdhéanta den Bhanc Ceannais Eorpach (BCE) agus bainc cheannais náisiúnta Bhallstáit uile an Aontais. Is é príomhchuspóir CEBC ná cobhsaíocht praghsanna a choimeád ar bun. Chun an cuspóir sin a ghnóthú bunaíonn Comhairle Rialaitheach BCE a cinntí ar chreat comhtháite anailíse agus cuireann sí chun feidhme bearta airgeadaíochta caighdeánacha agus neamhchaighdeánacha araon.