Sliocht as staidéar - Díbhinn dhá thrilliún euro na hEorpa: Costas na Neamh-Eorpa a Mhapáil, 2019 24

Staidéar 18-04-2019

Baineadh an sliocht seo as staidéar ina dtugtar le chéile an obair atá idir lámha ar thionscadal fadtéarmach a bhfuil sé mar aidhm leis 'costas na neamh-Eorpa' a shainaithint agus a anailísiú i roinnt réimsí beartais. Úsáidtear an coincheap seo, ar bhain Parlaimint na hEorpa úsáid cheannródaíoch as den chéad uair sna 1980idí, chun na gnóthachain éifeachtúlachta féideartha i ngeilleagar Eorpach an lae inniu a chainníochtú trí ghabháil do shraith tionscnamh beartais ar thacaigh an Pharlaimint leo le déanaí – lena n-áirítear margadh aonair digiteach níos leithne agus níos doimhne agus comhordú níos córasaí beartas cosanta náisiúnta agus Eorpach nó breis comhair chun seachaint cánach corparáide a chomhrac. Is bunaithe ar OTI breise ginte nó úsáid níos réasúnaí acmhainní poiblí a thomhaistear na tairbhí. Tugtar le fios san anailís is déanaí go bhféadfadh geilleagar na hEorpa (AE-28) gnóthachain fhéideartha de bhreis is 2,200 billiún euro a bhaint amach, dá nglacfadh institiúidí an Aontais leis na beartais a bhfuil an Pharlaimint ag tacú leo i sraith réimsí sonracha agus dá gcuirfí chun feidhme ina n-iomláine iad thar thréimhse deich mbliana idir 2019 agus 2029. Is éard a bheadh ann, i ndáiríre, ‘díbhinn dhá thrilliún euro’, arb ionann é agus borradh 14% ar OTI iomlán AE (a bhí cothrom le 15.3 trilliún euro in 2017). Tá sé beartaithe go gcuirfidh an staidéar seo leis an bplé leanúnach faoi thosaíochtaí beartais an Aontais Eorpaigh sa timthriall institiúideach cúig bliana amach romhainn, ó 2019 go dtí 2024.