Grafaic faisnéise
Arna dtáirgeadh ag Seirbhís Thaighde Pharlaimint na hEorpa, is treoirleabhair fhísiúla agus idirghníomhacha iad grafaicí faisnéise beo, a nuashonraítear go rialta, chun cabhrú leat an fhaisnéis atá ag lorg agat maidir le saincheisteanna casta a aimsiú.Tuilleadh inneachair fhísiúil:Ollstór Grafaicí.
Cuireann an láithreán gréasáin seo fíricí agus figiúirí tábhachtacha ar fáil faoi Pharlaimint na hEorpa agus faoi na Feisirí, don téarma parlaiminteach reatha agus do gach téarma roimhe sin ó tugadh isteach toghcháin dhíreacha in 1979. Is féidir leat sonraí siar chomh fada le 1979 a roghnú, ag trí phointe ar leith i ngach téarma parlaiminteach (tús, lár agus deireadh gach reachtais).
In ainneoin creat dlíthiúil idirnáisiúnta cuimsitheach a bheith ann maidir le leanaí agus a gcearta a chosaint, bíonn go leor bacainní roimh leanaí imirceacha neamhrialta le linn agus i ndiaidh dóibh dul ar imirce. Bíonn siad sin deacair go háirithe orthu siúd a théann ar imirce astu féin nó a scartar óna dtuismitheoirí le linn a n-aistir. Tabharfaidh an ghrafaic faisnéise seo thú trína n-aistear chuig an Aontas agus san Aontas, ó na dúshláin a d’fhéadfadh a bheith rompu, go dtí na próisis a bhaineann lena nglacadh, cóireáil, athlonnú agus filleadh.
Tá ionstraim cheannródaíoch, Next Generation EU (NGEU), cruthaithe ag an Aontas Eorpach chun cur i gcoinne na géarchéime a tharla de bharr phaindéim an choróinvíris agus chun cabhrú leis na Ballstáit a ngeilleagair agus a sochaithe a dhéanamh níos inbhuanaithe, níos digití agus níos ionchuimsithí. Déantar rianú sa ghrafaic faisnéise idirghníomhach seo ar an dul chun cinn atá á dhéanamh ag na Ballstáit maidir le dearadh agus cur chun feidhme a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta arna maoiniú ag NGEU.
Tá athbhreithniú mór ar a bheartas aeráide agus fuinnimh á ullmhú ag an Aontas Eorpach i gcomhréir le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. Socraítear leis an Dlí Aeráide Eorpach sprioc chun glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi 55 % ar a laghad faoi 2030, i gcomparáid le 1990, agus chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Rianaíonn an ghrafaic faisnéise idirghníomhach seo Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus spriocanna aeráidneodrachta á saothrú acu.