banner

Láithreán gréasáin do chlár poiblí Pharlaimint na hEorpa

Faoi bhun Airteagal 15 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá an ceart ag saoránaigh agus cónaitheoirí de thíortha AE rochtain a bheith acu ar dhoiciméid institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaíochtaí an Aontais, is cuma cén meán ina bhfuil siad, faoi réir na bprionsabal agus na gcoinníollacha a chinneadh trí bhíthin rialacháin a glacadh faoin ngnáthnós imeachta reachtach. Le Rialachán(CE) Uimh. 1049/2001 is infheidhme maidir le Parlaimint na hEorpa, leis an gComhairle agus leis an gCoimisiún, leagtar amach na prionsabail ghinearálta agus na teoireannacha lena rialaítear ceart rochtana ar dhoiciméid na dtrí institiúid sin. Faoi bhun Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001, cuirfidh gach institiúid rochtain phoiblí ar fáil le haghaidh clár doiciméad i bhfoirm leictreonach

Ar an láithreán gréasáin chlár poiblí Pharlaiminte na hEorpa, tá tagairtí do dhoiciméid a sholáthair an institiúid nó a fuair an institiúid ón 3 Nollaig 2001. Is féidir breathnú ar thromlach mór na ndoiciméad seo agus iad a íoslódáil go díreach ón láithreán gréasáin, saor in aisce.

An bhfuil doiciméad ó Pharlaimint na hEorpa á lorg agat?
thumb-legal-background

Sa roinn seo, gheobhaidh tú amach faoi Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 agus faoi chinntí tábhachtacha eile agus rialacha lena rialaítear rochtain phoiblí ar dhoiciméid na Parlaiminte.

thumb-annual-report

Féadfaidh tú féachaint ar an leathanach seo maidir leis na staitisticí agus na tuarascálacha bliantúla arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa faoi Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001.

thumb-archive

Tá réimse foinsí stairiúla agus airteagal agus staidéar stairiúil ar fáil sna Cartlanna Stairiúla a chuideoidh leat súil siar a chaitheamh ar stair lánpháirtithe na hEorpa agus ról Pharlaimint na hEorpa sa phróiseas a thuiscint.

thumb-ask-ep

Más mian leat breis a fháil amach faoi ghníomhaíochtaí, cumhachtaí agus eagrú Pharlaimint na hEorpa, téigh i dteagmháil leis an Aonad um Fhiosrúcháin ó Shaoránaigh (Ask EP) ag úsáid na foirme ar a bhfuil rochtain sa roinn seo.