Cearta na saoránach a chosaint 

Tá gach duine ar náisiúnach iad de Bhallstát AE go huathoibríoch ina saoránach Eorpach.

Le saoránacht AE, tugtar cearta áirithe. Liostaítear na cearta sin in Airteagail 18 go 25 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Tá sé de cheart ag saoránaigh Eorpacha:

  • gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse laistigh den Aontas;
  • gan idirdhealú a bheith déanta ina leith mar gheall ar a náisiúntacht;
  • vótáil agus seasamh mar iarrthóir i dtoghacháin bhardasacha agus i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa cibé áit in AE a bhfuil cónaí orthu; agus
  • cúnamh a fháil ó ambasáid nó consalacht de chuid thír eile AE  i gcás ina bhfuil siad taobh amuigh de AE i dtír nach bhfuil ambasáid ná consalacht de chuid a thíre féin nó de chuid a tíre féin ann.  Sna cásanna sin, ba cheart don chonsalacht nó don ambasáid caitheamh le gach saoránach AE go díreach mar a chaithfeadh sí le duine dá cuid saoránach féin.

An ceart chun achainí a dhéanamh

Tá sé de cheart ag saoránaigh Eorpacha freisin achainí a dhéanamh chuig Parlaimint na hEorpa.

Ní mór go mbainfeadh na hachainíocha sin le hábhair a dhéanann difear go díreach do shaoránaigh agus atá laistigh de réimsí gníomhaíochta an Aontais. Ní mór achainíocha a thaisceadh ina n-aonar nó i gcomhar le daoine eile. 

Tá an ceart sin cumhdaithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (Airteagal 44).

Go deimhin, ní hiad saoránaigh AE amháin a bhfuil an ceart sin acu: is féidir le duine ar bith ar a bhfuil cónaí in AE achainí a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa.

Is é An Coiste um Achainíocha i bParlaimint na hEorpa a fhaigheann na hachainíocha sin agus a dhéanann breathnú orthu.

An ceart chun gearán a dhéanamh faoi dhrochriarachán

Tá sé de cheart ag saoránaigh Eorpacha a iarraidh ar an Ombudsman Eorpach imscrúdú a dhéanamh ar chásanna drochriaracháin i ngníomhaíochtaí institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí AE.

Lena rá arís, ní hiad saoránaigh AE amháin a bhfuil an ceart sin acu: is féidir le duine ar bith ar a bhfuil cónaí in AE a iarraidh ar an Ombudsman imscrúdú a dhéanamh.

Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Is féidir le saoránaigh Eorpacha freisin a bheith rannpháirteach i dTionscnamh Eorpach ó na saoránaigh.

Curtha ar bun le Conradh Liospóin, deirtear sa tionscnamh seo go bhféadfaidh milliún saoránach ón – gceathrú cuid ar a laghad de Bhallstáit AE – a iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach togra a dhéanamh le haghaidh reachtaíocht AE. Beidh ar an gCoimisiún a dheimhniú an mbaineann an togra le hábhar a bhfuil sé údaraithe obair a dhéanamh air.