Conradh Amstardam 

Grianghraf grúpa.
Síniú Chonradh Amstardam 1997, an 2 Deireadh Fómhair 1997
 

Cuireadh tús le CIR in Turin (an Iodáil) i Márta 1996 chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gConradh ar an Aontas Eorpach. Rinneadh an Conradh a d’eascair as, eadhon Conradh Amstardam ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach, na gConarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach agus ionstraimí gaolmhara áirithe, a shíniú i láthair Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, José María Gil-Robles.

Lena theacht i bhfeidhm i mBealtaine 1999, simplíodh nós imeachta na comhchinnteoireachta agus leathnaíodh raon feidhme an nós imeachta sin. Bhí an ceart anois ag an bParlaimint Uachtarán an Choimisiúin a fhormheas.

  • Arna shíniú in: Amstardam (An Ísiltír) an 2 Deireadh Fómhair 1997
  • Teacht i bhfeidhm: 1 Bealtaine 1999