Coistí Pharlaimint na hEorpa 

Chun an obair ullmhúcháin a dhéanamh do shuíonna iomlánacha na Parlaiminte, roinntear na Feisirí i measc roinnt buanchoistí speisialaithe. Tá 20 coiste parlaiminteach ann. Tá idir 25 agus 88 Fheisire ar choiste, agus cathaoirleach, biúró agus rúnaíocht aige. Léiríonn comhdhéanamh polaitiúil na gcoistí comhdhéanamh an tionóil iomlánaigh.

Déanann na coistí tograí reachtacha agus tuarascálacha féintionscnaimh a dhréachtú, a leasú agus a ghlacadh. Déanann siad tograí ón gCoimisiún agus ón gComhairle a bhreithniú agus dréachtaíonn siad tuarascálacha atá le tíolacadh don tionól iomlánach.

Féadfaidh an Pharlaimint freisin coistí sealadacha a chur ar bun chun déileáil le saincheisteanna sainiúla agus coistí fiosrúcháin a chur ar bhun freisin chun sáruithe nó droch-chur i bhfeidhm dhlí an Chomhphobail a iniúchadh.