Toscaireachtaí Pharlaimint na hEorpa 

Is grúpaí oifigiúla FPEnna (Feisirí de Pharlaimint na hEorpa) iad toscaireachtaí Pharlaimint na hEorpa a a dhéanann cúram den chaidreamh le parlaimintí de chuid tíortha, réigiúin nó eagraíochtaí nach de AE iad agus a neartaíonn an caidreamh sin.

Ar an mbealach sin, feidhmíonn toscaireachtaí mar phríomhnasc idir an Pharlaimint agus forais reachtacha eile, sa bhaile agus thar lear.

Agus iad ag obair i gcomhar le coistí na Parlaiminte agus le FPEnna chun tacú leis an daonlathas agus cearta an duine lasmuigh de theorainneacha AE, daingníonn toscaireachtaí seasaimh Pharlaimint na hEorpa.

Trí thaidhleoireacht pharlaiminteach a fheidhmiú i bplé rialta, cuireann toscaireachtaí AE chun cinn go ginearálta agus spreagrann siad a gcomhpháirtithe le meas a bheith acu ar luachanna agus leasanna AE.

Tá roinnt cineálacha éagsúla toscaireachtaí ann: toscaireachtaí chuig coistí foirmiúla idirpharlaiminteacha, toscaireachtaí chuig tionóil pharlaiminteacha iltaobhacha, agus toscaireachtaí do chaidrimh le tír eile nó le grúpa tíortha.