Comhlachtaí Polaitiúla Pharlaimint na hEorpa 

Tá comhlachtaí polaitiúla difriúla i bParlaimint na hEorpa atá freagrach as eagar ghnó agus phleanáil reachtach na Parlaiminte nó as rialacha na Parlaiminte mar aon le cúrsaí riaracháin, airgeadais, foirne agus eagraíochtúla.

Comhdháil na nUachtarán

Is í Comhdháil na nUachtarán an comhlacht polaitiúil sa Pharlaimint atá freagrach as

  • eagrú ghnó agus phleanáil reachtach na Parlaiminte
  • cinneadh a dhéanamh faoi fhreagrachtaí agus faoi chomhaltacht coistí agus toscaireachtaí
  • caidreamh le hinstitiúidí eile AE, le parlaimintí náisiúnta agus le tíortha nach tíortha AE iad.

Déanann Comhdháil na nUachtarán tráthchlár agus cláir oibre na Parlaiminte a ullmhú do na suíonna iomlánacha agus suíocháin a leithdháileadh sa Seomra Tionóil.

Tá Comhdháil na nUachtarán comhdhéanta d’Uachtarán Pharlaimint na hEorpa agus de chathaoirligh na ngrúpaí polaitiúla. Tá suíochán ag ionadaí amháin de na Feisirí neamhcheangailte i gComhdháil na nUachtarán ach gan aon chearta vótála acu. Is trí chomhthoil nó trí vóta ualaithe atá bunaithe ar an líon Feisirí i ngach grúpa polaitiúil a ghlacann Comhdháil na nUachtarán a cinntí.

Leagtar síos dualgais Chomhdháil na nUachtarán sna Rialacha Nós Imeachta. Eagraíonn sí obair Pharlaimint na hEorpa agus a comhlachtaí. Téitear i gcomhairle léi i dtaca leis na hábhair go léir a bhaineann le pleanáil reachtach agus caidreamh le comhlachtaí agus le hinstitiúidí eile AE. Dhá uair sa mhí de ghnáth a thagann Comhdháil na nUachtarán le chéile. Ní thionóltar a cruinnithe go poiblí.

Déantar miontuairiscí Chomhdháil na nUachtarán a aistriú sna teangacha oifigiúla, a phriontáil agus a scaipeadh ar na Feisirí go léir. Féadfaidh aon Fheisire ceisteanna a chur faoi ghníomhaíochtaí Chomhdháil na nUachtarán.

Leis sin, tugtar deis do na Feisirí, lasmuigh de na suíonna iomlánacha, tuairimí a mhalartú le haoi a mbeidh cuireadh tugtha dóibh nó eolas a fháil roimh ré faoi thograí an Choimisiúin.

An Biúró 

Is é an Biúró an comhlacht a leagann síos na rialacha don Pharlaimint. Tarraingíonn sé suas réamhdhréacht-bhuiséad na Parlaiminte agus déanann sé cinneadh faoi na hábhair riaracháin, foirne agus eagrúcháin go léir.

Tá an Biúró comhdhéanta d'Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, de na 14 Leas-Uachtarán agus de chúigear Caestóirí atá tofa ag an bParlaimint ar feadh tréimhse dhá bhliain go leith (tréimhse ar féidir í a athnuachan). I gcás comhionannas vótaí sa Bhiúró, is ag an Uachtarán a bhíonn an vóta cinniúna. Bíonn na Caestóirí ina gcomhaltaí den Bhiúró i gcáil chomhairleach.

Bíonn an iliomad dualgas riaracháin agus airgeadais ag an mBiúró laistigh den Pharlaimint. Tá sé freagrach as na hábhair go léir a bhaineann le reáchtáil inmheánach na Parlaiminte. Glacann sé cinntí i dtaca le heagrú na suíonna, is féidir leis cruinnithe coiste nó toscaireachta lasmuigh de na trí ghnátháit oibre a údarú, agus ullmhaíonn sé réamhdhréacht de mheastacháin caiteachais na Parlaiminte. Ceapann sé an tArd-Rúnaí atá freagrach as riarachán na Parlaiminte a reáchtáil agus cinneann sé comhdhéanamh agus eagrú na Rúnaíochta. De ghnáth, bíonn cruinniú ag an mBiúró uair sa mhí.

Déantar miontuairiscí an Bhiúró a aistriú sna teangacha oifigiúla, a phriontáil agus a scaipeadh ar na Feisirí go léir. Féadfaidh aon Fheisire ceisteanna a chur faoi ghníomhaíochtaí an Bhiúró.

Cinneann an Biúró faoin gcistiú do na páirtithe polaitiúla a bhfuil ionadaíocht acu i bParlaimint na hEorpa.

Coláiste na gCaestóirí

Is é Coláiste na gCaestóirí an comhlacht de Pharlaimint na hEorpa atá freagrach as ábhair riaracháin agus airgeadais a bhaineann go díreach leis na Feisirí agus lena gcoinníollacha oibre.

Toghann Parlaimint na hEorpa na Caestóirí tar éis an tUachtarán agus na 14 Leas-Uachtarán a thoghadh. Is trí bhallóid rúnda tromlaigh i dtrí bhabhta a thoghtar na Caestóirí: bíonn gá le tromlach glan de na vótaí a chaitear don chéad dá bhabhta agus is leor tromlach coibhneasta don bhabhta deiridh. Dhá bhliain go leith a bhíonn ina dtéarma oifige agus bíonn ról comhairleach acu sa Bhiúró.

Bíonn na Caestóirí freagrach as ábhair riaracháin agus airgeadais a imríonn tionchar díreach ar na Feisirí, mar shampla, seirbhísí ginearálta agus trealamh a chur ar fáil. Is féidir leo tograí a thíolacadh chun téacsanna a mhodhnú nó a athscríobh i dtaca leis na rialacha go léir a ghlacann an Biúró. Uair amháin sa mhí de ghnáth a thagann an Biúró le chéile.

Féadfaidh aon Fheisire ceisteanna a chur faoi ghníomhaíochtaí na gCaestóirí.

Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí

Is í Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí an comhlacht polaitiúil sa Pharlaimint a oibríonn chun comhar níos fearr a bheith ann idir na coistí.

Tá Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí comhdhéanta de Chathaoirligh na mbuanchoistí agus na gcoistí sealadacha go léir. Toghann sí a cathaoirleach. Uair amháin sa mhí a thagann Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí le chéile in Strasbourg le linn na suíonna iomlánacha.

Féadfaidh Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí moltaí a chur faoi bhráid Chomhdháil na nUachtarán faoi obair na gcoistí agus faoi chláir oibre na suíonna iomlánacha. Is féidir léi comhairle a thabhairt do Chomhdháil na nUachtarán má tá easaontas ann maidir le cén coiste ba cheart a bheith freagrach. Féadfaidh an Biúró agus Comhdháil na nUachtarán cúraimí áirithe a tharmligean do Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí.

Comhdháil Chathaoirligh na dToscaireachtaí

Is comhlacht polaitiúil í Comhdháil Chathaoirligh na dToscaireachtaí i bParlaimint na hEorpa a chomhordaíonn obair 45 bhuantoscaireacht na Parlaiminte.
Cinntíonn an Chomhdháil go mbíonn na toscaireachtaí ag obair go héifeachtúil agus i gcomhar le struchtúir eile na Parlaiminte. Trí na cruinnithe rialta a bhíonn aici cuirtear fóram ar fáil chun na saincheisteanna céanna agus na dúshláin chéanna atá ag dó na geirbe ag na toscaireachtaí a phlé.
Is iad comhaltaí na Comhdhála ná na cathaoirligh ar 45 bhuantoscaireacht na Parlaiminte agus ar na trí choiste a bhíonn ag plé leis an gcaidreamh idirnáisiúnta, is iad sin an Coiste um Ghnóthaí Eachtracha (AFET), an Coiste um Fhorbairt (DEVE) agus an Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (INTA).
Toghtar duine amháin de na 45 chathaoirleach ar na toscaireachtaí ina Chathaoirleach ar an gComhdháil. Bíonn an post ag an duine sin ar feadh téarma dhá bhliain go leith - leath de théarma reachtach cúig bliana Pharlaimint na hEorpa.