Cumhachtaí maoirseoireachta 

Tá raon cumhachtaí maoirseoireachta agus rialaithe ag Parlaimint na hEorpa. Tugann siad seo an deis di formhaoirseacht a dhéanamh ar na hinstitiúidí eile, faireachán a dhéanamh ar úsáid chuí bhuiséad AE agus a áirithiú go ndéantar dlí AE a chur chun feidhme mar is ceart.

An Chomhairle Eorpach 

Tá sé de cheart ag Uachtarán Pharlaimint na hEorpa labhairt ag tús gach Comhairle Eorpaí chun seasamh na Parlaiminte a leagan síos maidir le hábhair a mbeidh na ceannairí stáit agus rialtais ag díriú orthu.

I ndiaidh gach cruinnithe mullaigh, tuairiscíonn Uachtarán na Comhairle Eorpaí don Pharlaimint i dtaca le toradh an chruinnithe.

Ról
Tá an Chomhairle Eorpach comhdhéanta de cheannairí stáit agus rialtais an Aontais Eorpaigh, a huachtarán – arna thoghadh go ceann tréimhse 2 ½ bhliain agus an tréimhse sin in-athnuaite uair amháin – agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh. Is í an Chomhairle a shainíonn treo pholaitiúil ghinearálta agus tosaíochtaí an Aontais.

Comhairle an Aontais Eorpaigh 

Ag tús agus ag deireadh gach uachtaránachta sé mhí déanann Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh a clár a phlé sa suí iomlánach leis na Feisirí.

Is féidir le Feisirí ceisteanna i scríbhinn agus ceisteanna ó bhéal chuig an gComhairle a leagan síos agus a iarraidh uirthi beartais nua a thionscnamh.

Bíonn buanchathaoirleach ar an gComhairle Gnóthaí Eachtracha, a bhíonn mar Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála. Freastalaíonn an tArdionadaí, nó ionadaithe dá gcuid, ar dhíospóireachtaí sa suí iomlánach maidir leis an mbeartas eachtrach, slándála nó cosanta. Faoi dhó sa bhliain, tuairiscíonn an tArdionadaí do Pharlaimint na hEorpa maidir leis na beartais sin agus maidir lena n impleachtaí airgeadais.

Ról
Is í Comhairle an Aontais Eorpaigh an comhlacht reachtach eile de chuid AE. Tá sí comhdhéanta d'airí ó na Ballstáit.

An Coimisiún Eorpach 

Tá sé de cheart ag Parlaimint na hEorpa an Coimisiún Eorpach a fhormheas agus a chur as oifig. Ó 1994, tá de cheangal ar na coimisinéirí toghaí láithriú os comhair éisteachta den Pharlaimint. Faoi Chonradh Liospóin, déanann ceannairí stáit agus rialtais AE iarrthóir a mholadh le bheith ina Uachtarán ar an gCoimisiún, agus aird á tabhairt acu ar thorthaí na dtoghchán Eorpach. Is í an Pharlaimint a thoghann an t iarrthóir.

Is féidir leis an bParlaimint an Coimisiún a cháineadh agus i ndeireadh thiar é a chur as oifig. Go dtí seo, níor glacadh ceachtar den ocht dtairiscint cáinte a tugadh os comhair na Parlaiminte. I 1999, d'éirigh Coimisiún Santer as oifig dá ndeoin féin sula bhféadfadh an Pharlaimint é sin a chur faoi deara dó.

Déanann an Pharlaimint rialú daonlathach ar an gCoimisiún a áirithiú agus tíolacann an Coimisiún tuarascálacha go tráthrialta chuig an bParlaimint, lena n áirítear tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí AE agus ar chur chun feidhme an bhuiséid. Uair sa bhliain, tugann Uachtarán an Choimisiúin aitheasc maidir le Staid an Aontais os comhair an tsuí iomlánaigh. Tugann an Pharlaimint cuireadh go tráthrialta don Choimisiún beartais nua a thionscnamh, agus tá de cheangal ar an gCoimisiún freagra a thabhairt ar na ceisteanna ó bhéal agus ar na ceisteanna i scríbhinn a fhaigheann sé ó na Feisirí.

Ról
Is é an Coimisiún Eorpach caomhnóir na gconarthaí agus is é an brainse feidhmeannais de AE é.

Court of Justice 

Is féidir leis an bParlaimint a iarraidh ar an gCúirt caingean a thabhairt in aghaidh an Choimisiúin nó in aghaidh na Comhairle má mheasann an Pharlaimint gur ghníomhaigh siad ar shlí atá contrártha do mheon dhlí AE.

Is féidir leis an bParlaimint, in éineacht leis an gComhairle, a iarraidh ar an gCúirt Bhreithiúnais cúirteanna speisialaithe a chur ar bun. Mar shampla, bunaíodh an Binse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh in 2005 chun déileáil le díospóidí idir AE agus seirbhís shibhialta an Aontais.

Ról
Is í an Chúirt Bhreithiúnais an chúirt is airde a mhéid a bhaineann le cúrsaí dlí AE. Is í a dhéanann léirmhíniú ar dhlí AE agus a áirithíonn go gcuirtear i bhfeidhm go comhionann é ar fud na mBallstát uile.

an Banc Ceannais Eorpach 

Ní mór dul i gcomhairle leis an bParlaimint sula ndéanann an Chomhairle Eorpach Uachtarán, Leas-Uachtarán agus Bord Feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE) a cheapadh.

Déanann Uachtarán BCE tuarascáil bhliantúil an bhainc a thíolacadh sa suí iomlánach agus glacann siad páirt in agallamh airgeadaíochta tráthrialta leis an gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta.

Ról
Is é an Banc Ceannais Eorpach atá freagrach as stiúradh an bheartais airgeadaíochta sa limistéar Euro.

Cúirt Iniúchóirí na hEorpa 

Déanann an Chúirt Iniúchóirí tuarascáil bhliantúil maidir le buiséad na bliana roimhe sin a thíolacadh don Chomhairle agus do Pharlaimint na hEorpa. Bunaithe ar an tuarascáil, cinneann an Pharlaimint cibé an ndéanfaidh sí an tslí ar láimhseáil an Coimisiún buiséad AE a fhormheas nó nach ndéanfaidh trí urscaoileadh a dheonú don bhuiséad.

Ní mór dul i gcomhairle leis an bParlaimint sula ndéanann an Chomhairle comhaltaí na Cúirte Iniúchóirí a cheapadh.

Ról
Déanann an Chúirt Iniúchóirí iniúchóireacht ar airgeadas AE. Ag gníomhú di mar iniúchóir seachtrach, rannchuidíonn sí le bainistiú airgeadais AE a fheabhsú agus feidhmíonn sí mar chaomhnóir neamhspleách ar leasanna airgeadais shaoránaigh AE.

An tOmbudsman Eorpach 

Toghann an Pharlaimint an tOmbudsman Eorpach. Tuairiscíonn an tOmbudsman ar ais chuig Parlaimint na hEorpa agus déanann siad tuarascáil bhliantúil a thíolacadh do na Feisirí. In imthosca eisceachtúla, is féidir leis an gCúirt Bhreithiúnais an tOmbudsman a chur as oifig arna iarraidh sin uirthi ag an bParlaimint. Is féidir leis an Ombudsman fiosrúcháin a chur ar bun ar a dtionscnamh féin.

Ról
Déanann an tOmbudsman Eorpach imscrúdú ar ghearáin faoi dhrochriarachán in institiúidí agus comhlachtaí AE.

Achainíocha, coistí fiosrúcháin 

Is féidir le haon saoránach, cónaitheoir, cuideachta nó eagraíocht AE achainí a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa ar ábhar a bhaineann le dlí AE.

Is féidir leis an bParlaimint coiste fiosrúcháin a chur ar bun chun féachaint isteach i sáruithe ar dhlí AE ag Ballstáit.