Fónamh duitse 

Oibríonn Parlaimint na hEorpa ar son mhuintir na hEorpa go léir. Cibé bealach ar mian leat a bheith páirteach - bíodh sé trí fhorbairtí a leanúint, trí oibriú linn nó trí aiseolas a thabhairt dúinn - ba bhreá leis an bParlaimint cabhrú leat.

Bí ar an eolas 

An mbraitheann tú go bhfuil Parlaimint na hEorpa lonnaithe i bhfad ón áit a bhfuil cónaí ort? Tá gach eolas faoi imeachtaí na Parlaiminte ar fáil ar ár leathanaigh faisnéise agus ó na seirbhísí doiciméad. Is féidir freisin teagmháil a dhéanamh lenár n-oifig idirchaidrimh i do thír féin, mar a bhfuil gach rud ar fáil i do theanga féin.

Labhair amach 

An bhfuil rud éigin le rá agat? Má tá, labhair amach! Déan achainí chuig an bParlaimint má cheapann tú go bhfuil sárú á dhéanamh ar dhlíthe AE i do thír féin nó déan teagmháil leis an Ombudsman Eorpach má tá idirghabhálaí ag teastáil uait. Is féidir leat freisin feachtas a thosú trí thionscnamh ó na saoránaigh a sheoladh chun dlíthe nua a ghlacadh go díreach.

Oibrigh linn 

An mbeadh spéis agat taithí a fháil trí bheith ag obair sa Pharlaimint féin mar shampla? Féach ar na deiseanna fostaíochta nó oiliúna atá ann nó glac páirt i gcuairt staidéir.

Trédhearcacht agus eitic 

Agus méadú ag teacht ar thábhacht agus tionchar na Parlaiminte, tá sé níos tábhachtaí ná riamh go ndéanfaidh sí ionadaíocht ar leasanna mhuintir na hEorpa ar shlí oscailte agus thrédhearcach. Tuilleadh faisnéise faoin obair a dhéanaimid.

atyourservice_home_large    
 

Cuairt ar an bParlaimint

Tar go bhfeicfidh tú féin an chaoi a ndéantar dlí de thograí agus an áit a mbíonn cead cainte ag do FPE faoina bhfuil i ndán don Eoraip. Tá réimse gníomhartha is féidir a dhéanamh sa Bhruiséil agus in Strasbourg ionas go mbeidh rud éigin a oireann duitse ann, má thagann tú i d'aonar, leis an teaghlach nó i ngrúpa.

Maidir leis an bParlaimint

Is fóram tábhachtach í Parlaimint na hEorpa don díospóireacht pholaitiúil agus don chinnteoireacht ar leibhéal AE. Toghann toghthóirí i ngach Ballstát Feisirí Pharlaimint na hEorpa go díreach chun ionadaíocht a dhéanamh ar leasanna na ndaoine.

Rochtain ar dhoiciméid

Tá ceart rochtana ag gach saoránaigh uile AE ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin. Cuireann Parlaimint na hEorpa rochtain dhíreach ar mhórchuid a cuid doiciméad ar fáil i bhformáid leictreonach.

Conarthaí agus deontais

I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh, ní mór do Pharlaimint na hEorpa conarthaí chun earraí nó seirbhísí a cheannach a chur amach ar thairiscint phoiblí.