Labhair amach 

Tá Parlaimint na hEorpa anseo chun ionadaíocht a dhéanamh do dhaoine agus, mar sin, is mór againn do chuid tuairimí agus do chuid ábhar imní. Is iomaí bealach atá ann chun do thuairim a chur chun tosaigh - amhail páirt a ghlacadh sna toghcháin Eorpacha nó tionscnamh ó na saoránaigh a shíniú nó gearán a chur faoi bhráid an Ombudsman Eorpaigh. Faigh amach tuilleadh sna míreanna seo a leanas.

    

Toghcháin

Is iad na toghcháin an príomh-mhodh chun tionchar a imirt ar an bpolaitíocht Eorpach. Tá an ceart chun vótála agus an ceart a n-ionadaithe a roghnú ar an leibhéal Eorpach ag saoránaigh uile an Aontais. Faigh amach faoi bhunghnéithe an phróisis.

    

Achainíocha

Tá sé de cheart ag gach saoránach de chuid an Aontais nó eagrais atá bunaithe san Aontas gearán nó iarraidh maidir le cúrsaí AE a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa. Foghlaim tuilleadh.

    

An tOmbudsman Eorpach

Má mheasann tú gur chaith na hinstitiúidí Eorpacha go míchuí leat, is féidir leat dul i dteagmháil leis an Ombudsman Eorpach. Imscrúdaíonn an tOmbudsman gearáin agus déanann sé iarracht réitigh chothroma ar aighnis a bhaint amach.

    

Comhordaitheoir um chearta leanaí

An bhfuil cúnamh uait chun fadhbanna le d’iarchéile nó d’iarpháirtí maidir le todhchaí bhur leanaí a réiteach? Agus í ag feidhmiú ar mhaithe le leas an linbh, is é ról Chomhordaitheoir na Parlaiminte teacht ar réitigh ar fhuadach leanaí, ar fuadach é arna dhéanamh ag tuismitheoir.

    

Eorabharaiméadar

Déanann Parlaimint na hEorpa coimisiúnú go tráthrialta ar shuirbhéanna chun dearcadh na ndaoine ar thopaicí ar leith nó ar chúrsaí AE go ginearálta a fháil amach. Faigh amach na torthaí ó na suirbhéanna seo.

    

Tionscnamh ó na saoránaigh

Is féidir leis na saoránaigh smaointe maidir le reachtaíocht nua de chuid AE a chur chun cinn. Ní mór d'institiúidí AE measúnú a dhéanamh ar na tionscnaimh ina mbailítear milliún síniú ar a laghad lena n-aghaidh ó gach cearn de AE. Tá na mionsonraí le fáil inár ngrafaic faisnéise.

    

Idirphlé reiligiúin agus neamhchreidmheach

 Tá Parlaimint na hEorpa tiomanta d’idirphlé rialta le heagraíochtaí reiligiúnacha agus eagraíochtaí neamhfhaoistiniúla chun a dtuairimí ar ghnéithe sóisialta agus eiticiúla de bheartais AE a chur san áireamh.

    

Duaiseanna

Ní hamháin go lorgaíonn an Pharlaimint aiseolas ó dhaoine ach tá sí toilteanach a gcuid dea-oibre a chur chun cinn. Gach bliain, bronnann sí ceithre dhuais chun béim a leagan ar chearta an duine, scannánaíocht, tionscadail na n-óg agus saoránacht.

    

Pátrúnacht

Is féidir leis an bParlaimint tacaíocht mhorálta a thabhairt d’ócáidí a mheasann sí atá tábhachtach. Faigh amach faoin nós imeachta agus conas is féidir leat pátrúnacht a iarraidh.