Comhordaitheoir um Chearta Leanaí i bParlaimint na hEorpa 

Faoi threoir ag prionsabal leas an linbh, oibríonn an Comhordaitheoir chun cearta an linbh a chur chun cinn agus a chosaint i mbeartais uile agus i reachtaíocht uile AE. Féachann an Comhordaitheoir freisin le daoine atá buailte ag fuadach leanaí arna dhéanamh ag tuismitheoir agus ag díospóidí teaghlaigh trasteorann eile a threorú, chomh maith le comhar níos dlúithe a mholadh leis na comhlachtaí breithiúnacha agus riaracháin agus idirghabháil a chur chun cinn i gcúrsaí teaghlaigh trasteorann.

Is í Leas-Uachtarán na Parlaiminte, Ewa Kopacz, an Comhordaitheoir um Chearta Leanaí faoi láthair agus ceapadh in Iúil 2019 í.

Tá an Comhordaitheoir um Chearta Leanaí freagrach as an méid seo a leanas:

  • Gníomhú mar lárphointe teagmhála chun faireachán a dhéanamh ar chearta leanaí i mbeartais AE agus chun a gcearta a chur chun cinn go gníomhach, lena n-áiritheofar comhleanúnachas agus infheictheacht ghníomhaíochtaí na Parlaiminte sa réimse seo.
  • Idirghabháil trasteorann i ndíospóidí teaghlaigh idirnáisiúnta a chur chun cinn.
  • Feidhmiú mar lárphointe faisnéise do shaoránaigh AE maidir le fuadach idirnáisiúnta leanaí arna dhéanamh ag tuismitheoir nó maidir le díospóidí teaghlaigh trasteorann eile.
    

Díospóidí teaghlaigh trasteorann do thuismitheoirí

Más rud é go ndearna an tuismitheoir eile do leanbh a fhuadach, má tá imní ort go bhfuil sé sin ar tí tarlú, nó má tá díospóid trasteorann ann maidir le coimeád agus cearta rochtana, is féidir leis an gComhordaitheoir treoir a thabhairt duit trí eolas agus tacaíocht a chur ar fáil maidir leis an méid is féidir leat a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an gcás.

    

Díospóidí teaghlaigh trasteorann do ghairmithe

Molann an Comhordaitheoir comhar níos dlúithe agus muinín fhrithpháirteach idir tíortha AE i réimse an dlí teaghlaigh trasteorann agus féachann an Comhordaitheoir le réiteach cairdiúil a chur chun cinn nuair a tharlaíonn díospóid teaghlaigh trasteorann, lena n-áirítear úsáid na hidirghabhála. Creideann an Comhordaitheoir go bhfuil rochtain ar chomhairle agus ar chúnamh saineolaithe ríthábhachtach dóibh siúd atá rannpháirteach sna cásanna sin, agus dá bhrí sin pléann an Comhordaitheoir go gníomhach le saineolaithe chun forbairt líonraí speisialtóirí AE a spreagadh.

    

Cearta an linbh

Cuireann Parlaimint na hEorpa forbairt agus cosaint chearta an linbh san Eoraip chun cinn go gníomhach. Bíonn an Comhordaitheoir i dteagmháil le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa lena áirithiú go ndéanann obair na Parlaiminte cearta leanaí a urramú, a chosaint agus a chur chun cinn.

    

An fhaisnéis is déanaí

Caith súil ar an nuacht is déanaí maidir le cearta leanaí in AE agus ar ghníomhaíochtaí an chomhordaitheora i bParlaimint na hEorpa.

Go stairiúil, ba é ‘Idirghabhálaí um Fhuadach Idirnáisiúnta Leanaí arna dhéanamh ag Tuismitheoir’ an teideal a bhíodh ar an gComhordaitheoir ón uair a bunaíodh an ról sa bhliain 1987 ar thionscnamh an Tiarna Plumb, a bhí ina Uachtarán ar Pharlaimint na hEorpa ag an am. Seo a leanas na hidirghabhálaithe a bhí ann roimhe seo: Anna Maria Corazza Bildt (2019), Elisabeth Morin-Chartier (2017-2019), Mairead McGuinness (2014-2017), Roberta Angelilli (2009-2014), Evelyne Gebhardt (2004-2009), Mary Banotti (1995-2004) agus Marie-Claude Vayssade (1987-1994).

An tráth úd, ba bheag comhoibrithe a bhí ar bun idir tíortha AE chomh fada is a bhain leis an dlí teaghlaigh. Bhí cruthú ról an Idirghabhálaí ina réiteach pragmatach chun déileáil leis na héilimh mhéadaithe a bhí á bhfáil ag Feisirí de Pharlaimint na hEorpa ó dhaoine a bhí ag déileáil le fuadach leanaí trasteorann arna dhéanamh ag tuismitheoir nó le fadhbanna rochtana. Rinneadh ról an idirghabhálaí a fhorbairt i gcaitheamh na mblianta. Athainmníodh an ról mar ‘Comhordaitheoir um Chearta Leanaí i bParlaimint na hEorpa’ in Aibreán 2018 faoi stiúir Elisabeth Morin-Chartier chun léargas a thabhairt ar an bhforbairt atá tagtha ar an sainordú a bhaineann leis an ról, chun cearta leanaí a chuimsiú.

Is cuspóir sainráite de chuid an Aontais Eorpaigh é cearta an linbh a chosaint agus a chur chun cinn, ar cuspóir é a chumhdaítear in Airteagal 3 de Chonradh Liospóin, agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh ceanglaítear freisin ar institiúidí Eorpacha agus ar thíortha AE cosaint chearta an linbh a áirithiú agus dlí an Aontais á chur chun feidhme acu.