Eorabharaiméadar 
PE agus a mbíonn saoránaigh na hEorpa ag súil leis 
 

Parlameter 2019: Aird á tabhairt ar níos mó ná an vóta. Parlaimint níos láidre chun éisteacht le guth na saoránach 

Roinnt míonna i ndiaidh na dtoghchán Eorpach, léirítear i bParlaiméadar 2019, suirbhé fómhair Eorabharaiméadair na Parlaiminte  go bhfuil an tacaíocht a thugann saoránaigh dá mballraíocht san Aontas Eorpach ag socrú ar leibhéal ard: Tá beagnach seisear as gach deichniúr Eorpach i bhfabhar bhallraíocht a dtíre san Aontas Eorpach i gcónaí.

Sa bhreis air sin, chuir toghcháin Eorpacha 2019 go dearfach le leibhéal méadaithe sástachta maidir leis an gcaoi a bhfeidhmíonn an daonlathas san Aontas Eorpach: Tá an tuairim seo ag 52% (+3 pp) de mhuintir na hEorpa.

Is mian go sonrach le saoránaigh na hEorpa go mbeadh Parlaimint na hEorpa níos láidre ann, mar go bhfuil 58% de fhreagróirí ag iarraidh go mbeadh níos mó tionchair ag an bParlaimint amach anseo. Is méadú 7 bpointe céatadáin é sin ó earrach 2019 agus is é an toradh is airde é don cheist seo ó 2007.

Tá athrú aeráide ina chéad saincheist tosaíochta d’fhormhór mhuintir na hEorpa. Cé go mbíonn éagsúlacht i dtosaíochtaí na mBallstát, tá athrú aeráide chun tosaigh an meán san Aontas Eorpach ar an gcomhrac i gcoinne na bochtaineachta, na sceimhlitheoireachta agus na dífhostaíochta. Maidir le luachanna na hEorpa, iarann formhór mór na bhfreagróirí go mbeadh cearta an duine ar fud an domhain, saoirse cainte agus comhionannas inscne mar phríomhluachanna bunúsacha nach mór a chaomhnú san Aontas Eorpach.

Caitear súil níos géire ar cheist cosanta an chomhshaoil i bParlaiméadar 2019. Dar le tromlach glan na bhfreagróirí, is í an tsaincheist chomhshaoil is tábhachtaí sa lá atá inniu ann ná an t-athrú aeráide, le haerthruailliú, truailliú muirí, dífhoraoisiú agus an méid méadaitheach dramhaíola ina dhiaidh. Sa bhreis air sin, creideann beagnach seisear as gach deichniúr Eorpach go raibh tionchar díreach ag na hagóidí a threoraigh daoine óga ar son gníomhaíochtaí aeráide ar bheartais, ar leibhéal AE agus ar an bpolaitíocht intíre.

Agus ar deireadh, tugann Eorabharaiméadar fómhair na Parlaiminte léargas ar an gcineál faisnéise a bhaineann le cúrsaí an Aontais Eorpaigh a mbeadh suim ag saoránaigh na hEorpa ann - agus ar an gcaoi a bhféadfaidís a shamhlú go mbeidís níos rannpháirtí le ceapadh beartais an Aontais Eorpaigh. San iomlán, ba mhaith le trí cheathrú (77%) de mhuintir na hEorpa níos mó faisnéise faoi ghníomhaíochtaí na n-institiúidí Eorpacha a fháil, go háirithe faoi iarmhairtí nithiúla reachtaíocht an Aontais Eorpaigh ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta, agus faoi ghníomhaíochtaí Pharlaimint na hEorpa agus a Feisirí chomh maith.