Pátrúnacht 

Is bealach ag Parlaimint na hEorpa í an phátrúnacht chun í féin a cheangal le himeacht trí thacaíocht mhorálta a thabhairt don imeacht sin. Deonófar an phátrúnacht sin do líon teoranta imeachtaí gach bliain.

Roberta Metsola, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa 

Is bealach í an phátrúnacht do Pharlaimint na hEorpa chun a tacaíocht mhorálta, neamhábhartha a thabhairt do mhéid áirithe imeachtaí neamhbhrabúsacha ar ardchaighdeán a bhfuil gné shoiléir Eorpach leo [...]

« [...] Is í Parlaimint na hEorpa an t-aon institiúid d'institiúidí AE arna toghadh go díreach ag na saoránaigh. Agus déantar ionadaíocht ar shaoránaigh AE go díreach ar leibhéal an Aontais i bParlaimint na hEorpa, mar a mhaítear i gConradh Liospóin. Is uirlis luachmhar í an phátrúnacht ar chun an dlúthchaidreamh sin a chothú agus chun Parlaimint na hEorpa a thabhairt níos cóngaraí dá saoránaigh.»

  • Féadfaidh imeachtaí amhail comhdhálacha, díospóireachtaí, seimineáir, scoileanna samhraidh, etc. pátrúnacht na Parlaiminte a fháil, ar choinníoll go bhfuil gné shoiléir Eorpach ag baint leo, go háirithe trí aird a tharraingt ar ról agus rannchuidiú Pharlaimint na hEorpa nó an Aontais sa réimse lena mbaineann, agus go bhfuil for-rochtain shuntasach agus ardcháilíochta acu. Ina theannta sin, ní mór an dáta/na dátaí agus an áit a dheimhniú, agus tá an tréimhse teoranta. Ní mór go mbeadh na himeachtaí neamhbhrabúsach.

    Tugtar aird ar leith ar a mhéad a ardaíonn an ócáid feasacht ar dhaonlathas parlaiminteach na hEorpa agus a chothaíonn saoránacht ghníomhach Eorpach, agus a dhéanann cearta bunúsacha, comhionannas inscne, neamh-idirdhealú agus cuimsiú sóisialta a chur chun cinn. Tugtar aird ar leith freisin ar imeachtaí a eagraíonn pobal na hóige, nó atá dírithe orthu.

    Ní féidir pátrúnacht a dheonú d’imeachtaí de chineál tráchtála nó chun críche tráchtála a bhfuil sé mar aidhm leo brandaí nó aon chineál gníomhaíochta tráchtála a fhógairt nó a chur chun cinn, go díreach nó go hindíreach, d’imeachtaí de chineál páirtípholaitiúil, lena n-áirítear tiomsú airgid chun críoch polaitiúla agus gnáthghníomhaíochtaí nó gníomhaíochtaí inmheánacha ceardchumann nó páirtithe polaitiúla. Eisiatar imeachtaí agus/nó eagraithe a bhaineann an bonn ó bhunluachanna daonlathacha agus ó phrionsabail an Aontais Eorpaigh freisin.

    Más rud é nach gcomhlíontar na coinníollacha incháilitheachta a thuilleadh le himeacht a bhfuil pátrúnacht deonaithe ag an bParlaimint ina leith faoi na rialacha, féadfaidh an tUachtarán an cinneadh chun pátrúnacht a dheonú a tharraingt siar tráth ar bith.

    Ní fhágann an phátrúnacht aon oibleagáid airgeadais ar an bParlaimint ná ní thugann an phátrúnacht sin ceart don tairbhí úsáid a bhaint as áitreabh na hinstitiúide. Le haghaidh tuilleadh faisnéise maidir leis na coinníollacha lena rialaítear pátrúnacht Pharlaimint na hEorpa féach ar na Rialacha thíos.

European Parliament    
 

Oifigigh idirchaidrimh sna Ballstáit

Tá Oifigí Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa (EPLOnna) freagrach as cur chun feidhme áitiúil gníomhaíochtaí cumarsáide institiúideacha, teagmháil a dhéanamh le saoránaigh agus geallsealbhóirí, teagmhálacha leis na meáin náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla a bhainistiú, agus tacaíocht a sholáthar d’Fheisirí Pharlaimint na hEorpa.

lechéile.eu

Is pobal uile-Eorpach é lechéile.eu a spreagann rannpháirtíocht sa daonlathas.

Tá daoine cosúil leatsa ag gníomhú chun go mbeidh todhchaí níos fearr againn san Aontas Eorpach. Trí bheith rannpháirteach sa phróiseas polaitiúil, nó tríd an tábhacht atá le vótáil a chur chun cinn – le chéile, is féidir linn an daonlathas a chur san áit is dual dó i gcroílár an Aontais Eorpaigh.