Achainíocha 

Ceann de na cearta bunúsacha atá ag saoránaigh Eorpacha: Is féidir le saoránach ar bith, ag gníomhú ina aonar nó i gcomhar le daoine eile, a cheart achainí le Parlaimint na hEorpa a fheidhmiú tráth ar bith faoi Airteagal 227 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Is féidir le saoránach ar bith de chuid an Aontais Eorpaigh, nó le cónaitheach i mBallstát, mar dhuine aonair nó i gcomhar le daoine eile, achainí a dhéanamh le Parlaimint na hEorpa faoi ábhar a thagann faoi scáth réimsí beartaíochta an Aontais Eorpaigh agus a bhaineann leo go díreach. Is féidir le cuideachta, eagraíocht nó cumann ar bith ag a bhfuil an ceanncheathrú san Aontas Eorpach an ceart achainí seo, a dtugtar ráthaíocht ina leith sa Chonradh, a fheidhmiú chomh maith.

Is féidir achainí a bheith i bhfoirm gearáin nó iarratais agus baint le ceisteanna maidir le leas poiblí nó príobháideach.

Is féidir iarratas aonair, gearán nó tuairim a chur i láthair san achainí, maidir le dlí AE a chur i bhfeidhm nó éileamh ar Pharlaimint na hEorpa seasamh a ghlacadh faoi cheist áirithe. Tugann achainíocha den sórt sin deis do Pharlaimint na hEorpa aird a dhíriú ar shárú ar bith ar chearta shaoránaigh Eorpaigh ag Ballstát nó údarás áitiúil nó institiúid eile.

An Coiste um Achainíocha

Tá 35 Comhalta ar an gCoiste um Achainíocha faoi Chathaoirleach agus ceathrar Leas-Chathaoirleacha.