Idirphlé le hEaglaisí, comhlachais nó pobail reiligiúnacha, eagraíochtaí fealsúnachta agus neamhfhaoistiniúla
 

In Eoraip ilghnéitheach an lae inniu, déanann go leor eaglaisí, reiligiún agus eagraíochtaí fealsúnachta éagsúla rannchuidiú tábhachtach leis an tsochaí. Tá na hinstitiúidí Eorpacha tiomanta d’idirphlé oscailte leis na heagraíochtaí reiligiúnacha agus neamhfhaoistiniúla sin, agus téann Parlaimint na hEorpa i dteagmháil leo go gníomhach maidir le beartais AE.

Cúlra

Foráiltear den chéad uair le hAirteagal 17 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), a tugadh isteach le Conradh Liospóin, bunús dlí d’idirphlé oscailte, trédhearcach agus tráthrialta idir institiúidí AE agus eaglaisí, comhlachais reiligiúnacha, agus eagraíochtaí fealsúnacha agus neamhfhaoistiniúla. Deir sé:

  1. "Urramaíonn an tAontas an stádas faoin dlí náisiúnta atá ag eaglaisí agus ag comhlachais nó ag pobail reiligiúnacha sna Ballstáit agus ní dhéanann sé dochar don stádas sin.
  2. Urramaíonn an tAontas mar an gcéanna an stádas faoin dlí náisiúnta atá ag eagraíochtaí fealsúnacha agus neamhfhaoistiniúla.
  3. Agus aitheantas á thabhairt aige dá gcéannacht agus dá rannchuidiú sonrach, déanfaidh an tAontas idirphlé oscailte, trédhearcach, tráthrialta a choimeád ar siúl leis na heaglaisí sin agus leis na heagraíochtaí sin."

Cé go bhforáiltear sa chéad dá mhír den airteagal seo go gcosnófar an stádas speisialta atá ag eaglaisí agus eagraíochtaí nó pobail reiligiúnacha faoi dlí náisiúnta, mar aon le heagraíochtaí fealsúnacha agus neamhfhaoistiniúla a bhfuil stádas inchomparáide acu, iarrann Mír 3 ar institiúidí AE idirphlé oscailte, trédhearcach agus tráthrialta a choimeád ar siúl leis na heaglaisí sin agus leis na heagraíochtaí sin.

Thug Parlaimint na hEorpa éifeacht d’fhorálacha an Chonartha nuair a d’aimnigh a hUachtarán Leas-Uachtarán atá freagrach as an idirphlé. Is é an tUasal Othmar Karas an Leas-Uachtarán reatha atá freagrach as idirphlé Airteagal 17.

Is gné an-tábhachtach é idirphlé Pharlaimint na hEorpa le heaglaisí agus le heagraíochtaí fealsúnacha chun an Pharlaimint a choinneáil gar do na saoránaigh a thogh muid. Tá sé tábhachtach don chomhtháthú sóisialta agus don phróiseas cinnteoireachta daonlathach freisin. Is mór an onóir dom gur chuir Roberta Metsola, Uachtarán na Parlaiminte, i gceannas ar an idirphlé seo mé, i mo cháil mar Chéad Leas-Uachtarán. Is é seo an dara huair agam an fhreagracht seo a ghlacadh.
Má tá an tionscadal Eorpach chun dul i ngleic leis na dúshláin atá romhainn, ní mór dó a bheith dílis don ghnáthshaol, gar do na saoránaigh agus dá saol laethúil. Is cuid iad eaglaisí, grúpaí creidimh agus eagraíochtaí fealsúnachta, ina n-éagsúlacht ar fad, den ghnáthshaol laethúil do go leor dár saoránaigh. Is cuid dár bpobail iad, ar fud na gcathracha, na mbailte, na sráidbhailte agus na tuaithe sna 27 mBallstát ar fad.
Sainíodh idirphlé an Aontais Eorpaigh leo faoi Airteagal 17 de Chonradh Liospóin. Tugann an t-idirphlé seo le fios go soiléir go bhfuil i bhfad níos mó i gceist leis an Aontas Eorpach ná eagraíocht eacnamaíoch amháin, ach go mbaineann sé go bunúsach le daoine, le dínit an duine agus leis an leas coiteann. Agus an chuma ar an scéal go bhfuil gach saincheist pholaitiúil agus shóisialta ag éirí níos casta agus níos casta, ní mór dúinn na luachanna atá i gcoiteann againn a choinneáil i gcuimhne.
Chun an fócas sin a chaomhnú, tá an t-idirphlé le heagraíochtaí reiligiúnacha agus fealsúnachta bunriachtanach. Is dá bhrí sin a airím gur féidir linn - agus gur gá dúinn -, le chéile, rannchuidiú le díospóireacht luachbhunaithe maidir le beartais Eorpacha.

Speech of Othmar Karas 
Picture of Othmar Karas