Rochtain phoiblí ar dhoiciméid 

De réir Airteagal 15 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá ag gach saoránach agus cónaitheoir den Aontas Eorpach ceart rochtana ar dhoiciméid de chuid institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais, is cuma cén meán ina bhfuil siad.

Rochtain phoiblí ar dhoiciméid: gné phríomha den trédhearcacht

Is cuid bhunriachtanach den bheartas trédhearcachta atá á chur chun feidhme faoi láthair ag institiúidí é an ceart rochtana ar dhoiciméid.

Saothraíonn Parlaimint ha hEorpa chun ardleibhéal infheictheachta a áirithiú dá cuid oibre. Tá an iarracht sin níos tábhachtaí fós mar gur institiúid í a dhéanann ionadaíocht ar shaoránaigh AE, a toghann í go díreach.

Leagtar síos na rialacha maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid i Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001.

Clár na ndoiciméad

Chuir Parlaimint na hEorpa clár leictreonach doiciméad ar bun chun rochtain ar dhoiciméid a éascú duit.

Beartaithe mar áis chuardaigh, tá tagairt ar fáil ann do na doiciméid a tharraing Parlaimint na hEorpa suas nó atá faighte aici ó 2001.

A bhuí leis an gclár, tá rochtain dhíreach agat ar lear mór doiciméad de chuid Pharlaimint na hEorpa i bhformáid leictreonach.

Doiciméid atá inrochtana arna iarraidh sin

Doiciméid nach féidir teacht orthu go díreach ar an gclár, d’fhéadfaí iad a chur ar fáil arna iarraidh sin.

Is é sin an cás maidir le doiciméid ó dháta roimh 2001 agus maidir le doiciméid a bhféadfadh eisceacht maidir le ceart rochtana ina leith, dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1409/2001, a bheith i bhfeidhm.

Tá sé saor in aisce rochtain a fháil orthu. Níl gá le haon réasúnú speisialta chun an iarraidh a dhéanamh, a chuirtear isteach trí fhoirm leictreonach.

Tar éis d’iarraidh a bhreithniú, seolfaidh Parlaimint na hEorpa freagra réasúnaithe laistigh de 15 lá oibre. I gcás ina dtugtar nochtadh, foilsítear an doiciméad sa chlár.