Citizen's app    
 

An Eoraip i mbos do láimhe, pé áit ina bhfuil tú 

Má tá tú i do shaoránach de thír san Aontas Eorpach, tá tú i do shaoránach Eorpach freisin.

Ach céard a chiallaíonn sé seo dáiríre? Tá i bhfad níos mó i gceist leis an AE ná comhárgadh. Suiteáil an Citizens’ App agus faigh amach conas a oibrímid le chéile ar son todhchaí níos fearr. Tá an aip ar fáil in 24 theanga: Apple StoreGoogle Play

Tríd an Citizens' App a shuiteáil, foghlaimeoidh tú cé na daoine a dhéanann rudaí éagsúla san Aontas, cén bhaint atá ag an méid sin ar fad le do shaol laethúil agus cad iad na dúshláin atá roimh an Aontas, ar dúshláin iad roinnt mhaith díobh a mhúnlóidh do thodhchaí.

an Citizens' App:

  • tugann sí faisnéis duit faoi ábhair agus suíomhanna a bhfuil spéis agat iontu agus cuireann sí ar an eolas thú maidir lena ndul chun cinn;
  • is féidir í a chuardach, a roinnt, a phearsantú agus a rangú;
  • cuireann sí ar an eolas thú faoi imeachtaí atá ar siúl gar duit; cuireann sí do cheanáin i d’fhéilire pearsanta; taispeánann sí an bealach is fearr duit tríd an aip léarscáile is fearr leat;
  • cuireann sí inneachar ilmheánach amhail físeáin, podchraoltaí agus taispeántais sleamhnán ar fáil;
  • ligeann sí duit do shocruithe agus leabharmharcanna céanna a choinneáil ar gach ceann de do chuid gléasanna.

Comhoiriúnacht: Android agus iOS (Teastaíonn iOS 10.3 nó níos déanaí. Comhoiriúnach le iPhone, le iPad agus le iPad touch.)

Citizen's app    
 

Apple Store

Íoslódáil an Citizens’ App agus bíodh gach a bhfuil bainte amach ag an Aontas Eorpach i do lámh agat

Google Play

Íoslódáil an Citizens’ App agus bíodh gach a bhfuil bainte amach ag an Aontas Eorpach i do lámh agat